Skip to main content
Economy and Finance

Boird Táirgiúlachta Náisiúnta

Sainordú

Faoi rialacha an Aontais Eorpaigh, ní mór Bord Táirgiúlachta Náisiúnta a bheith ag gach Ballstát chun cuidiú le forbairtí táirgiúlachta agus iomaíochais a aithint agus anailís a dhéanamh orthu, agus chun anailís neamhspleách a sholáthar maidir le dúshláin bheartais.
Ní mór do na boird sin a bheith neamhspleách go hiomlán ó aon údarás poiblí náisiúnta nó údarás poiblí Eorpach a bhfuil baint acu le beartais táirgiúlachta nó iomaíochais. Tá siad ceaptha a bheith idir oibiachtúil agus neodrach. Cé go bhféadfaidh siad dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara ábhartha, níor cheart dóibh aon chineál claonta a thaispeáint. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh an cumas ag Boird Táirgiúlachta Náisiúnta anailís eacnamaíoch agus anailís staidrimh a dhéanamh atá ar ardchaighdeán acadúil.

Comhthéacs

Tá moill tagtha ar an méadú ar tháirgiúlacht agus ar aschur féideartha san Aontas Eorpach le fiche bliain anuas. Is dúshlán mór é feabhas a chur ar tháirgiúlacht eacnamaíoch, agus ní mór do thíortha an Aontais aghaidh a thabhairt air d'fhonn a gcumas fáis eacnamaíoch a mhéadú ar shlí inbhuanaithe. Is dúshlán ilghnéitheach é fás táirgiúlachta a gcaithfear aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de, lena n-áirítear trí bheartais chun an nuálaíocht a chur chun cinn, úsáid teicneolaíochtaí nua a scaipeadh, cur leis an infheistíocht i gcaipiteal daonna, agus féachaint chuige go mbeidh fáil níos éasca ar mhaoiniú, mar aon le bearta chun dul i ngleic le struchtúir dholúbtha i margaí saothair agus margaí táirge.

Is i dTuarascáil na gCúig Uachtarán a rinneadh an moladh ar dtús go mbunódh gach tír sa limistéar euro comhlacht náisiúnta a bheadh i gceannas ar fheidhmíocht agus beartais a rianú i réimse na táirgiúlachta. Beartaíodh sa tuarascáil freisin go mbunófaí córas institiúidí de chuid an limistéir euro chun na comhlachtaí náisiúnta sin a thabhairt le chéile, agus an Coimisiún ag gníomhú mar chomhordaitheoir.

Agus é á aithint aige gur féidir ról tábhachtach a bheith ag na hinstitiúidí sin, agus chun cuidiú le Ballstáit an Aontais Eorpaigh fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cóineasú a bhaint amach, i mí Mheán Fómhair 2016 d'eisigh Comhairle an Aontais Eorpaigh Moladh maidir le Boird Táirgiúlachta Náisiúnta a bhunú. Tugtar cuireadh do na tíortha sa limistéar euro na prionsabail atá leagtha amach sa Mholadh sin a chur chun feidhme tráth nach déanaí ná mí an Márta 2018. Spreagtar tíortha nach bhfuil sa limistéar euro freisin chun comhlachtaí dá leithéid a aithint nó a bhunú.

Ról an Choimisiúin Eorpaigh

De réir an Mholta ón gComhairle, d'fhéadfadh an Coimisiún malartú tuairimí a éascú idir boird táirgiúlachta na mballstát rannpháirteach uile. Ba cheart plé rialta a bheith ann freisin idir na boird táirgiúlachta agus an Coiste um Beartas Eacnamaíoch maidir le saincheisteanna a thagann faoi réimse inniúlachta an choiste sin, ina mbeidh ról ag saineolaithe ábhartha ó Bhallstáit nach bhfuil bord táirgiúlachta náisiúnta acu.

Féadfaidh an Coimisiún cúnamh teicniúil a sholáthar freisin tríd an tSeirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrach:

Boird Táirgiúlachta Náisiúnta i do thír féin

Tugtar naisc úsáideacha sa tábla thíos chuig Boird Táirgiúlachta Náisiúnta i ngach Ballstát den Aontas Eorpach (cuirfidh na Ballstáit an fhaisnéis leis ar bhonn deonach).

at.png
An Ostair
be.png
An Bheilg
bg.png
An Bhulgáir
hr.png
An Chróit
cy.png
An Chipir
cz.png
Poblacht na Seice
dk.png
An Danmhairg
ee.png
An Eastóin
fi.png
An Fhionlainn
fr.png
An Fhrainc
de.png
An Ghearmáin
el.png
An Ghréig
hu.png
An Ungáir
ie.png
Éire
it.png
An Iodáil
lv.png
An Laitvia
lt.png
An Liotuáin
lu.png
Lucsamburg
mt.png
Málta
nl.png
An Ísiltír
pl.png
An Pholainn
pt.png
An Phortaingéil
ro.png
An Rómáin
sk.png
An tSlóvaic
si.png
An tSlóivéin
es.png
An Spáinn
se.png
An tSualainn
uk.png
An Ríocht Aontaithe

Doiciméid

Nuacht agus Imeachtaí

Naisc úsáideacha agus nuacht maidir le Boird Táirgiúlachta Náisiúnta agus cúrsaí táirgiúlachta:

Teagmháil

ECFIN-B2-NPB@ec.europa.eu

Context

Potential economic growth in the euro area and in the EU as a whole has slowed considerably since the turn of the century. This trend is mainly due to a decline in total factor productivity growth but in recent years has also been affected by low investment.

Europe’s future economic growth prospects will increasingly depend on its ability to raise productivity. This requires well-balanced policies to support innovation, increase skills, reduce labour and product market rigidities and allow a better allocation of resources.

Legal basis

The Council of the European Union in September 2016 issued a Recommendation on the establishment of National Productivity Boards.

The recommendation was part of the European Commission's October 2015 package of measures giving substance to the so-called five presidents' report on the further development of the EU's economic and monetary union (EMU). It was endorsed by the European Council on 28 June 2016.

In your country

The recommendation by the Council to set-up National Productivity Boards is addressed to euro area member states. It also encourages other EU member states to set up similar bodies.

The table below contains links to the National Productivity Board for each country that has appointed one.

Non-euro area Member States

Bulgaria
Croatia
Czech Republic
Poland
Romania
Sweden

Role of the European Commission

According to the Council recommendation, the Commission could facilitate the exchange of views between the productivity boards of all participating Member States. There should also be a regular discussion between the productivity boards and the Economic Policy Committee, an advisory body to the Council and the Commission, involving also relevant experts from EU countries that do not have a Board.

The Commission can also provide technical assistance through the Structural Reform Support.